Tugann an suíomh gréasáin seo sonraí ar phleananna Rialtas na hÉireann i gcomhair móréigeandálacha. D’fhorbair an Oifig um Pleanáil Éigeandála é leis an eolas reatha atá ar fáil ar phleanáil, freagra agus bainistíocht na hÉireann maidir le réimse leathan éigeandálacha a thógáil le chéile.
Bíonn teagmhais den sórt sin neamhchoitianta ach tarlaíonn siad. Tríd an suíomh gréasáin seo a fhoilsiú agus lámhleabhar a chur timpeall chuig gach teaghlach sa tír sa chéad leath de 2008, féachann an Rialtas chuig dearbhú don phobal go bhfuil pleananna ar bun i gcás go dtarlaíonn móréigeandáil. Soláthraíonn an suíomh seo freisin eolas praiticiúil ar conas réitiú i gcomhair an rud nach bhfuil ag súil leis agus cad ba cheart a dhéanamh i gcás go dtarlaíonn teagmhas den sórt sin.
Is é cuspóir an suíomh gréasáin seo agus foilsiú an lámhleabhair ná eolas praiticiúil, úsáideach a thabhairt don phobal agus tá eolas níos sonraithe ar fáil tríd na naisc má tá sé ag teastáil.
In Éirinn tá ranna agus gníomhaireachtaí Rialtais éagsúla freagrach as sainfheidhmeanna pleanála éigeandála. I gcás móréigeandála, ainmnítear an roinn nó gníomhaireacht is cuí mar an ngníomhaireacht threorach leis an bhfreagra uirthi a chomhordú.
Ní chomharthaíonn foilsiú an suíomh gréasáin seo gur mó is cosúil go dtarlóidh móréigeandáil anois ná mar ab chosúil san am atá thart. Ach is cuma cé chomh neamhchosúlach atá cuid de na cnámhscéalta atá leagtha amach anseo, beidh sé níos éasca fanacht calma agus muiníneach más eol go ndearnadh pleanáil dóibh, i gcás go dtarlódh an rud nach bhfacthas ag teacht.
Gliogáil anseo le léamh faoi struchtúir chúnta an Rialtais.