Polasaí Twitter
Ár gcuntais Twitter
Déanann muid an cuntas seo a leanas a láimhseáil ar Twitter: @emergencyIE
An Méid is Féidir leat a bheith ag Súil Leis
Má leanann tú muid, is féidir leat bheith ag súil le tvuíteanna a chlúdaíonn roinnt ábhar mar seo a leanas:
- Preaseisiúintí faoi ghníomhaíochtaí an Oifig Pleanála Éigeandála agus óráidí Aire maidir le gníomhaíochtaí pleanála éigeandála
- Eolas faoi imeachtaí agus clúdach imeachtaí anois is arís
- Foláirimh faoi ábhar nua ar ár gcuid láithreán gréasáin
- Eolas praiticiúil eile faoi na seirbhísí atá ar fáil
Nóta: Ní thugann Atvuíteáil le tuiscint go dtugtar Tacaíocht
Na cuntais a leanann muid
Má leanann tú muid, ní chiallaíonn sé sin i gcónaí go leanfaidh muidne tusa. Cabhraíonn sé sin lenár gcuid leantóirí cuntais Twitter eile a aithint a bhfuil muid ag leanúint ar nós Ranna Rialtais eile, Tithe an Oireachtais, institiúidí Eorpacha ábhartha agus cuntais atá ábhartha d’Éirinn ach go háirithe.
@Freagraí agus Teachtaireachtaí Díreacha
Cuireann muid fáilte roimh aiseolas ónár gcuid leantóirí agus déanfaidh muid iarracht páirt a ghlacadh sa chomhrá nuair is féidir.
Ní bheidh muid in ann freagraí aonair a thabhairt, áfach, ar na teachtaireachtaí go léir a fhaigheann muid trí Twitter. Is é an bealach is fearr le ceist a chur ar an Oifig Pleanála éigeandála ná úsáid a bhaint as na roghanna teagmhála éagsúla atá luaite anseo.
Fáil
Is le linn ghnáthuaireanta oibre amháin a oibreoidh an OPÉ an cuntas Twitter.
D’fhéadfadh nach mbeadh Twitter ar fáil anois is arís agus ní ghlacann muid le freagracht ar bith as easpa seirbhíse mar gheall ar Twitter a bheith as feidhm.
Saoráil Faisnéise
Chun eolas a fháil faoi conas iarratas um Shaoráil Faisnéise a chur isteach cliceáil anseo le do thoil.