Ráig de Ghalar Ainmhí

Tá pleananna teagmhasachta i bhfeidhm ag an Roinn Talmhaíochta, Iascaigh agus Bia chun déileáil le ráigeanna de ghalair thromchúiseacha ainmní ar nós Ghalar Crúb is Béal, Fliú na n-Éan, Galar Newcastle, Fiabhras Muc, agus Galar Gormtheanga.

Is é atá i nGalar Crúb is Béal ná galar víreach an-tógálach ar féidir a bheith marfach uaireanta agus a tharlaíonn d’eallaigh agus do mhuic. Freisin is féidir leis ainmhithe eile a bhfuil crúba scoilte orthu a bhualadh ar nós gabhar, fianna agus caorach.

Mar gheall ar scaipeadh tapa an víris agus an cumas atá aige ina dhiaidh sin dochar a dhéanamh don tionscal beostoic glactar gníomh láithreach má thagtar ar an ngalar in áit ar bith. Nuair a tharla ráig mhór sa Bhreatain agus i dTuaisceart Éireann i 2001, scaip an víreas go Contae Lú. Mar gheall ar bheartais dhéine Rialtas na hÉireann i leith bhogadh beostoic chomh maith le cur ar ceal roinnt imeachtaí móra, áfach, rinneadh cinnte gur cuireadh srian ar an ráig agus nár scaip an galar chuig níos mó áiteanna sa Phoblacht.

Is é atá i bhFliú na n-Éan ná galar a bhuaileann éin agus roinnt mamach. Tugann an fhianaise go léir go dtí seo le tuiscint nach scaiptear an galar go héasca ó éin go daoine. Bhain an chuid is mó de chásanna i ndaoine le teagmháil dhíreach le héanlaith ionfhabhtaithe, nó le dromchlaí agus rudaí a bhí éillithe ag a bhfaecas. Ba ghnách gur tharla siad in áiteanna faoin tuath nó in áiteanna ina gcoimeádann go leor teaghlach ealtaí beaga éanlaithe. I gcásanna den sórt sin fuarthas gur minic go mbíonn na healtaí éanlaithe ag dul thart go saor, agus uaireanta iad ag dul isteach i dtithe nó ag roinnt áiteanna lasmuigh áit a mbíonn leanaí ag spraoi.

Tá sé tábhachtach a thabhairt faoi deara, go scriostar an víreas in uibheacha agus in éanlaith nuair a dhéantar iad a chócaráil, agus mar sin go bhfuil sé go hiomlán sábháilte an dá cheann a ithe agus iad cócaráilte.

Is é atá i nGalar Newcastle ná galar víreach an-tógalach in éin a mbíonn sicíní go háirithe ina mbaol. Braitheann déine an ghalair ar an tréithchineál den víreas (tá go leor tréithchineálacha ann) a bhí freagrach as an ngalar. Tá sé forleathan in áiteanna áirithe sa domhan áit nach ndéantar ráigeanna galair a chosc nó a rialú ag vacsaíniú. D’fhéadfadh go dtabharfaí an galar isteach go hÉirinn ag éin imirceacha, colúir rásaíochta nó trádáil in éin pheata nó éanlaith agus a gcuid táirgí. Cé gur tharla ráigeanna de ghalar Newcastle in Éirinn san am atá thart, tá rialuithe ar thrádáil, vacsaíniú agus dea-chleachtais bithshlándála i bhfeidhm chun ár gcuid ealtaí gnó a choimeád saor ó ionfhabhtú.

Is é atá san Fhiabhras Muc ná galar víreach i muca a fhéadann bheith idir géar agus ainsealach agus ar féidir leis a bheith freagrach as bás, teip atáirgthe, breoiteacht a thagann ar ais arís nó ionfhabhtú ó bhroinn. Bíonn impleachtaí díreacha ag gabháil leis d’fheirmeoirí ós rud é gur féidir an galar a scaipeadh trí theagmháil dhíreach le hainmhithe, ábhair éillithe, nó ó cránacha ionfhabhtaithe dá mbainbh. Is é an t-aon bhealach leis an ngalar a dhíbirt ná gach ainmhí ionfhabhtaithe agus a gcuid táirgí a scrios. Freisin is féidir leis an víreas teacht slán i bhfeoil nach bhfuil cócaráilte i gceart nó i roinnt táirgí leasaithe. Tá plean teagmhasachta i bhfeidhm ag an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara chun an tréad náisiúnta muc a chosaint.

Is é atá i nGalar Gormtheanga ná galar in athchogantaigh ar nós caorach, eallaigh, fianna agus gabhar. Déantar é a aistriú den chuid is mó ag plaiceanna Culiocoides, míoltóga atá le fáil go forleathan ar fud an chuid is mó den Eoraip i ngnáthóga éagsúla a bhfuil ina measc feirmeacha. Ní scaiptear é trí theagmháil dhíreach idir ainmhithe agus ní scoitear isteach sa timpeallacht é áit a bhféadfadh sé tithe, trealamh, coisbheart nó éadaí a éilliú. Ní iompraítear i mbainne ná feoil é ach an oiread agus ní dhéantar daoine a ionfhabhtú aige. Is féidir leis dul i bhfeidhm go mór ar thrádáil ainmhithe beo mar go mbíonn áiteanna an-mhóra srianta mar thoradh ar na bearta rialaithe. Chonacthas an galar i dtuaisceart na hEorpa den chéad uair i bhfómhar 2006 agus níor tharla sé riamh in Éirinn. Mar gheall ar théamh domhanda, áfach, is féidir go dtarlódh sin anois. Tá plean teagmhasachta forbartha ag an Roinn Talmhaíochta agus Bia chun déileáil le ráig galair i gcás go dtarlódh a léithéid.

I gcás fhliú na n-éan, an galar crúb is béal nó galar tromchúiseach ainmhí eile, inseofar don phobal faoi nádúr agus scála na faidhbe agus coimeádfar go hiomlán ar a n-eolas iad de réir mar a thiocfaidh forbairt ar an scéal.

Gheobhaidh tú eolas agus comhairle níos sonraí agus ina measc bearta teagmhasachta, comhairle faoi thaisteal, láimhseáil éan marbh, treoirlínte um choimeádaithe éanlaithe agus éan etc. ar láithreán gréasáin an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara ag: www.agriculture.gov.ie

Is iad an Roinn Sláinte agsu Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte atá freagrach as na gnéithe sláinte poiblí den víreas. Is féidir eolas faoin mbaol do shláinte an duine a fháil ar a gcuid láithreán gréasáin ag: www.health.gov.ie agus www.hse.ie.